Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 445
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)theachtaireacht agus bhí sé ar deuunach nuair a bhí sé ag teacht abhaile. Chuaidh sé treasna na páirce agus nuair a bhí sé ag dul thar an gclaidhe do léim sé in áirde ar an bpuca.
Thosnaigh an fear ag scréachfaigh agus bhí an púca ag rioth chomh mear agus bhí aige.
Sé an áit a fuair sé é féin ach istigh sa reilig. Do tháinigh sé abhaile agus níor chuaidh sé amach san oíche riamh ó shoin. - Bhí tiarna talmhan ina chónaí in Árd Mhóir agus sé an ainm a bhí air ná Henry Bagge. Bhí sé an-chruaidh ar na daoine bochta.
Mar a mbeadh an chíos aca nuair a raghadh sé cúcha do caithfeadh sé amach ar an mbóthar iad.
Do bhí sé chun a bheith ag teacht go dtí an Curra fé dhéin an chíosa agus chuaidh bean ón áit sin go Dúngarbhán agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile bhí Henry Bagge ag dul isteach na coinne.
Luí sí guí agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile fuair sé bás istigh sa chóiste. Tógfadh abhaile é agus cuireadh in Árd Móir é.- Bailitheoir
- Seumas Moinbhial
- Inscne
- Fireann