Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill

Suíomh:
An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Deaglán Ó Cuilliú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 429

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 429

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Leathanach 429
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí feirmeoir ann fadó agus bhí mac aige.
    Maidin amháin chuaidh an mac amach chun na beithíg a d'fheiscint, bhí fear beag ina shuí ar an gclaidhe. Labhair sé leis an bhfear óg agus d'fhiafraigh sé de an raibh eagla aige roimhe. Dúirt an buachaill ná raibh. Bhíodar ag caint tamall agus sa deire d'fhiafraigh an fear beag den buachaill an raghadh sé áit éigin an oíche sin. Dúirt an buachaill go raghadh. An oíche sin chuaidh an buachaill amach sa pháirc agus bhí an fear beag ann agus dhá capaill aige. Chuadar in áirde ar na capaill agus d'imíodar leotha. Tar éis tamaill labhair an fear beag leis an mbuachaill. Dúirt sé leis go mbeidís ag dul go tig éigin a bhí timpeall deich mhíle chun siúl.
    Nuair a thángadar go dtí an tigh lbhair an fear beag arís. Dúirt sé leis an mbuachaill dul isteach ach go bhfanfadh sé féin amuigh.
    Dúirt sé leis an mbuachaill go raibh rinnce ag na daoine istigh. Dúirt sé leis go raibh cailín ana-dheas istigh. Iníon fear an tí ba eadh í.
    Dúirt sé leis í a thabhairt amach agus go deógfidís abhaile í.
    Chuaidh an buachaill isteach agus thit sé i ngrá leis an gcailín.
    Nuair a bhí an rinnce thart thóg an buachaill an cailín amach. Bhí an fear beag amuigh agus chuir sé an cailín in áirde ar a chapall féin. Nuair a bhíodar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peig Ní Cuilliú
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Maitiú Mac Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Aois
    57
    Seoladh
    An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge