Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn

Suíomh:
Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Pilib Ó Foghlú
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 204

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Leathanach 204
  3. XML “Sprid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ceann, dh'iompuig sí siar agus chonnaic sí a máthair, agus labhair sí léi, sé an rud a dubhairt sí ná: A Cháit, tá sé in am duit labhairt liom.
    Annsan dubhairt Cáit: A Mham, a Mham cad tá ort, annsan dubhairt an m[h]áthair. "Tá mé an-trí na chéile mar gheall ort, nuair nach bhfuil tú tar éis dul fé láimh Easboig, nuair a raghaidh tú suas, abair leis na daoine é, agus cuirfhidh mise de dhícheall ortha tú a chreideamhaint. Mar istoidhche amáireach díreach nuair a ghlaodhfhaidh an coileach, ag a dhá b[h]uile dhéag, beidh mise im s[h]easamh ag an doras san agus fanaidh mé ann. Agus cuirfhidh mé de dhícheall ortha tú a chreideamhaint.
    Muna dhéanfhaidh siad é sin tá mise chun rud uathbhásach a dhéanamh ortha. D'imthig an cailín abhaile agus d'innis sí dos na daoine é acht ní chreidfhidís í. Tháinig an b[h]ean an oidhhce sin ag a dhá bhuile dhéag, dh'fhan sí ann ar feadh i bhfad agus chuir sí scannradh ortha. An lá 'na dhiaidh san, thug na daoine go dtí an Easbog í, agus fuair sí sácraimint dul fé láimh Easboig.
    Nuair a tháinig sí abhaile, chuaidh sí go dtí an tobar, agus chonnaic sí a m(h)áthair agus dubhairt sí léi go raibh sí sásta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Lonáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge