Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 233
- XML “Iasc”
- XML “Na Fíníní”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tamaill do bhlianta d'imthig sé as an tobar.
- D'airigh mé sgéal an oidhche fé dheire mar gheall ar na finíní. Tháineadar isteach in-aice Cé Baile na Gall in bád beag. I mbád Pádraig Uí Ionáin a tháineadar isteach go dtí mBaile na Gall. Nuair a shroiseadar Baile na Gall bhaileugheadar gach rud a bhí acu agus shuibhaileadar go dtí Eochaill. Shíleadar go raibh Éire a lorg cabhair chun dul a throid acht ní raibh. Nuair a d'airigh na gárdaí é chuireadar isteach i bpríosún iad agus cuireadh Cúirt ortha agus chaith Pádraig Uí Ionáin as gaodhluinn agus na daoine eile agus ní bhfuigheadh an breitheamh iad a thuisgint. Ní fheadar aoinne cad a bhain do's na finíní as san amach.
- Bailitheoir
- Máire Ní Churraoin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Baile na Cúirte Theas, Co. Phort Láirge
- Do bhí bean sa tSean Phobuil uair agu do bhí sí an bhoith. Maidean Domhnaig bhí sí ag dul go dtí an Aifreann agus chonnaic sí an Mhaighdean Mhuire ag seasamh ar chloch. Nuair a chuaidh sí abhaile do bhí breacfast deas ar an mbórd agus nuair a bhí a dhóithin ithe aici d'imthig an chuid eile de'n mbídh de'n mbórd. Nuair a chuaidh sí amach sa tigín abí aici agus(leanann ar an chéad leathanach eile)