Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 313
- XML “Dónall Ó Conaill”
- XML “Sprid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon uair amháin fuair Domhnaill Ó Conail cuireadh chun dinnéar mór a bhí ag ceann des na Sasanaigh i Londain. Chuaidh sé ann agus thosnaigh sé ag ithe. Ní rabhadar i bhfad ag ithe nuair a chuaidh an solas as agus dúirt an cailín aimsire le Domhnaill Ó Conail "an dtigeann tú Gaeilge?" agus dúirt Domhnaill "Tuigim a chailín ó Éire, cad is baol duit". Dúirt sí "Tá salann sa phreasach ó aréir duit". "Má tá". arsa Domhnaill "ólfaidís féin é" agus níor dhein sé ach a cupán féin a chuir ina h-áit. Ní fhacha éinne é mar bhí sé dorcha sa seomra agus fuair fear an tighe bás in áit Domhnaill.
- Bhí fear ann fadó agus sé an ainm a bhí air ná Seán Ó h-Arta. Bhí ana-dhúil aige in cártaí. Aon oíche amháin d'imir sé cluiche cártaí agus bhuaidh sé an cluiche.
Nuair a bhí an cluiche thart dúirt Seán go mbeadh eagla air ag dul abhaile agus d'iarr sé ar ceann des na fearaibh dul leis agus dúirt sé ná raghadh mar go mbeadh eagla air féin.
D'imigh Seán leis agus comh luath is a chuaidh sé go dtí an macha choisrigh sé é féin agus dúirt sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Lonáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge