Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 316
- XML “Petticoat Loose”
- XML “Sprideanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an áit ina rugadh Petticoat Loose bhí pósadh ann agus bhí ana-chuid daoine ann. Bhíodar go léir ag ithe is ag ól.
Bhí Petticoat Loose amuigh ins an macha agus bhí sí ag béiceadh.
Chuaidh fear amháin amach agud dúirt sé leis na daoine go raibh Petticoat Loose amuigh sa macha.
Thug beirt fhear gloine fíona amach agus nuair a chuadar go dtí an áit ina raibh sí bhí sí ar an taobh eile den macha agus í ag gáire fútha.
Níor dhein Petticoat Loose aon díoghbháil riamh ina Paróiste féin.- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Bhí fear ann fadó agus bhí sí ina chónaí leis féin. Gach oíche chuaigh sé a codladh ar a naoi a chlog.
An oíche seo d'airigh sé glór amuigh ins an macha. Chuaidh sé amach agus chonaic sé beirt fhear ag troid. Chuaidh sé go dtí an áit ina rabhadar ach bhíodar imithe.
Chuaidh sé isteach agus d'airigh sé an glór arís. Tháinigh eagla air agus chuaidh sé a codladh. An maidean ina dhiaidh sin(leanann ar an chéad leathanach eile)