Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Calraighe
- XML Leathanach 8
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí brón ar a athair, Fionn Mac Cumhaill nuair a chonnaic sé Óisin ag imteacht go tír na nÓg. D'fhág siad Éire annsin agus chuaidh siad thar an fhairrge.Nuair a bhí siad ag dul go tír na nÓg chuaidh siad isteach go dí an teach seo, agus bhí fatach mor. Annsin nuair a bhí Oisín agus Niamh Chinn Óir i dtír na nÓg do posadar an beirt aca le chéile.Bhí Oisín i dtír na nÓg trí chéad bhliadhain agus shíl sé nach raibh sé ann acht trí bhliadhain. Aon lá ámhain iarr sé cead ar Niamh Chinn Óir dul go h-Éireann chun a athair agus na Fianna d'fheicheál. Dubhairt sí le m'ás rud gur fhágfadh sé a chos ar thalamh na h-Éireann go mbéad sé ina sean-fhear críona go deó. Thainig sé go h-Éireann acht fairíor géar, ní bhfuair sé a athair ná na Fianna roimhe. Nuair a bhí sé ag dul go tír na nÓg arís chonnaic sé cúpla fir ag tógaint cloch acht ní raibh siad abálta.Chuaidh Oisín siar go dtí na fir agus chroim sé síos ag thógaint suas an cloch ach thuit sé d'én capaill agus bhí sé ina sean-fhear críona caithte
- Bailitheoir
- Máire Ní Éigeartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Sean Mac an Bhreiteamhan
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78