Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 530
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Féilí na bliadhna
Oidhche lá Fhéil Bríghid:
Tuiteann lá Fhéile Bríghide ar an gcéad lá de Feabhra, agus ar an oidhche deiridh de Eanair bhíonn Oidhche Fhéile Bríghide. Ar an oidhche sin déantar Cros in a ónóir agus i gcuimhne ar Bríghid. Fágtar brat amuigh freisin ar feadh na h-oidhche agus tógtar isteach é ar maidin. Deirtear dá mbéadh aon duine tinn ins an teach agus dá gcuirfí an brat ós a cionn go bhfuigheadh an duine sin biseach. Déantar Cros as cochan agus cuid de as luachra. Tugtar Criosóg Bríghde ortha.Oidhche lá Fhéil’ Sheáin:
Tuiteann oidhche lá Fhéile Sheáin ar an oidhche roimh lá Fheíle Sheáin ar an fiche is tríú oidhche dé Mheitheamh. Ar an oidhche sin bíonn teinte cnámh ar lasadh ins gach áit in onoir do Naomh Sheáin. Fadó [?] ní raibh aon teine cnámh ar an oidhche sin, ach bhí teinte cnámh acu ar an gcéad lá de Bhealtaine. [?] lá do lasadh na daoine dhá teine cnámh ceann ar gach taobh d’en gheata. Annsin chuiridís na ba amuigh idir an dhá theine agus chreid siad go mbéadh go leor ime acu ar feadh na bliadhna. Badh é cleachtas [?](leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Mhuilligh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Móráin
- Inscne
- Fireann