Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 505
- XML “Táin Bó Fliadhais”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tharluigh Táin bó Fliadhais tar-éis Táin bó Cuailgne. Nuair a mharbhuigh Concubhar Mac Nessa, rí a bhí ar an gCraobh Ruadh Clann Uisneach tháinig fearg ar Feargus mac Ríogh agus d'fág sé Eaman Macha an áit a raibh an Craobh Ruadh in a gcomhnaidhe agus tháinig sé go Ráth Cruachan le seirbhís do Maedb bainríoghan Connachta. Thuit Maedbh i ngrádh leis. Thug Oilliol fear Mhaedbh sin fé deara. Tháinig fearg air agus bhain sé an ceann bréagach de. Chuir sé ceann bréaga in a h-ionad.
Bhí taoiseach ar Iorras darbh ainm Domhnall Dualbaidhe. Bhi sé in a chómnuidhe i nGleann Caistil. Bhi mac aige darbh ainm Oilliol Finn agus bhí dún aige ag Ráth Mórgan agus bhí sé in a chomhnuidhe ann. Bhí dún eile aige amuigh ag Crios-Mhaoilíne agus arm mór aige ann le cosc a chur leis an námhaid a bheith ag teacht isteach go h-Iorrais.
Bhí bean ag Oilliol Finn darbh ainm Fliadhais Foltceann. Bhí sí an-dheas ar fhad agus bhí bó iongantach a thiubhradh bainne do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Mhuilligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Síle Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baingear, Co. Mhaigh Eo