Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 574
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- A. Tá sruthán beag ag dul síar ó Gleann Caisil go dtí an bhfairrge agus tá talamh na trí tighearnaí talmhan Carter, Bingham agus Arcison ar a bhruach. Deirtear má tóigtear uisge ó'n sruth sin (roimh) éirighe na greine ar lá Bealtaine go mbéidh na trí duithchi sin agat ar feadh na bliadhna.B. Maidin bealtaine (dá) n-éireóchthá roimh éirighe na gréine agus (dul) isteach i gcró na mbó ag do comhursain, agus bó do blighe ann, deirtear go mbéidh im na mbó sin aige ar feadh na bliadhna. C. Má éirigheann tú moch ar an gcéad lá de Bealtaine (agus) a dhul suas ar cnoch; an céad theach a chífeá deatach ag teacht as. Bhéadh an t-im? agat as an dteach sin da mbhá mhaith leat e, agus ní bhéadh im ag sna buaibh sin ar feadh na blíadhna.
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Mhóráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Padraic Ó Maolalaidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo