Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 567
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí Séamus O Gacháin pósta le Bríghid Bairéad fadó.”
Bhí Séamus O Gacháin pósta le Bríghid Bairéad fadó. Bhí siad ina gcómhnaidhe i mbaile bheag agus sé an t-ainm abhí ar an áit ná Ceathramhadh - Cloch. Bhí dhá mhac aca agus bhíodh siad ag dul ar scoil gach lá. Bhíodh an t-athair agus agus an mháthair ag troid gach lá agus níor mhaith leis na n-gasúir bheith ins an dteach cor ar bith. Lá amháin nuair a bhí na gasúir ag teacht abhaile ó'n scoil gabhadar bothar eile.
Annsin chuaidh ceann aca go dtí teach a bhí ins an mbhaile sin agus d'fhan se cúpla oidhche ins an dteach sin. Bhí sé ag dul ar scoil le na páistibh eile.
Bhí fear saidhbhir san áit sin agus dubhairt sé le na páistibh féin na gasúir a thabhairt abhaile leis agus chuir sé ar sgoil gach lá iad lén a pháistibh féin. Annsin chuir sé é go dtí Coláisde le bheith ina Shagart agus nuair a tháinig sé abhaile bhí air Aifreann a léigheamh ins an bparóiste ina raibh a athair agus a mháthair ina(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Mhóráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mártan O Mhóráin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo