School: Broadford, Ráthluirc

Location:
Broadford, Co. Limerick
Teacher:
Ss. Ó Guagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0491, Page 075

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0491, Page 075

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Broadford, Ráthluirc
  2. XML Page 075
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Drom Chollchoille ainm an Pharóiste seo anois.

    "Dromchollchoille" ainm an pharróiste seo anois. Sé an sean ainm a bhí ar an áit ná "Cill-Achadh-Ó Líatháin" - go dtí cúpla céad bliadhain ó shoin. Tá fothrach de shean séipéal timcheall míle ar an dtaobh theas den tsráid. Is ann a téighidís (?) muinntir na h-áite seo ag éisteacht Aifrinn. Is mar seo a fuair an áit a h-ainm. Bean naomhtha de mhuinntir Ui Líathaáin a bhí na comhnuidhe sa duthaigh seo. Ba thoil léithe teampall cun Dé do bhunghadh. Bhíodh sí ag guidhe de shíor áit don teampall do theasbáint di. Tugadh freagra ar a guidhe sa t-slighe seo. Oidhche airighthe i dtosach an t-samraidh thuit cioth trom sneactaig. Bhí gac aon áit fé brat bán act amhaín páirchín bheag a bhí i seilbh na mná so.
    Ghlac sí sin mar chómhartha. Tógadh an teampall annso. Tháinig an t-Easbog. Coisrigheadh é, agus cuireadh fé chomairce na Maighdine Muire é, fé theidiol,
    "Muire na Sneachta"

    Dóigheadh an teampall so. Níor ath-tógadh é. Acht nuair do thógadh séipéal annso, céád
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
    Language
    Irish