School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Page 276
- XML “Gabhar Jer Déisigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Micheál Ó Caomh do chum.(Nuair a bhí an thóchar dá thógaint treasna na trágha ar an mbóthar ó Ros go Clanna Caoilte bhí Mícheál ag obair air.
In ndeire an lae, an lá so d'áirithe, bhí roinnt fear ag bailiú leó féin abhaile, nuair do casadh fear dara ainm do Jer Déiseach ortha agus é ag lorg a gabhair. Bhí Jer ag cur a thuairisce nuair do shuidh Mícheál ar thaobh an chlaidhe agus do chum sé an t-amhrán so i láthair na huaire sin - Nóta ag Seán Ó Donobháin).
(1)
Oidhche a's mé ag trácht thíos cois na trágha
Seadh chualas á rádh Jer Déiseach
Go raibh a ghabhar ar fán a's gan súil leis go bráth
A's é greaduithe tinn cráidhte casta
A chana aige i ngach láimh ag taisteal síos an tsráid
A's is dealbh a chárt in éinfheacht
Do tharaig sé reward , a bhanna fé'n a lámh
Ach go raghainn - s? seal na pháirc dá éileamh(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Donobháín
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Castletownshend, Co. Cork
- Informant
- Mícheál Riocaird Ó hAodha
- Gender
- Male