School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Page 240
- XML “Cormac Phártholáin”
- XML “An Drisceolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a chéíle as san amach go lá bháis Chormaic.
- De shíol na seana Dhrisceolach gceart dob eadh iad súd. Ceithearnaig ar nós mhuintire Dhomhnail Uí Chonail dob eadh iad. Talamh ó Thiarna mór acu agus cíos á dhíol leo as, ag tineóntaithibh. Bhí cuid acu droch-iompartha agus ínstear scéalta nách ar foghnamh mar gheall ortha. Bhíódar i gcoinnibh Reipéil agus cé gur leanadar don Ghaoluinn agus don Eaglais, ba chuma nú na Sasanaig iad ar dhéine agus ar chúrsaí eile.Bhí file ar an áít seo agus dhein sé bhéarsaí á gcáine. Bhí sé á gcur i gcomparáid leis na fearachain do bhí ann dhá chéad bliain roimis sin - agus ba "náa slán a' comórtas" aige é. D'airig an Drisceolach Mór é agus bhí sé ar lorg an fhile ar feadh tamail. Fé dheire tháinig sé suas leis ar an mbóthar agus fala ád ar gach taobh de. An Drisceolach ar muin capail agus fuip throm 'na láimh aige, agus bríse bán air.Chuir sé an capal treasna an bhóthair roimis an bhfile, agus an fhuip ar tarrac aige.(continues on next page)
- Collector
- Súsán Ní Chárthaigh
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Diarmuid Mac Cártha
- Gender
- Male