Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Cork
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Tighearna Talmhan i nGort an Imill timcheall cead bliain a thoin gurbh ainm do Dochtúir Balding. Bí aon mac amhain aige go raibh draoidheacht aige. Dfeadfhadh sé aon rud ba maith leis a dheanamh leat. Diompuig sé Paddy Michael na giarrfhiadh agus do lamhaig sé arsan ach níor mhairbh sé in aon cor é Diompuig sé na fhear arís é ach bí sé dall.
Bhí inghean amháin ag Paddy agus bhíodh sí ag siubhal roimhe gach aon la agus dá cloic aice.
Biodh sí ag bualadh i gcoinnibh a ceile agus a rádh "lean an glór a dhiaidh" Bí sí cráidhte aige agus aon lá amháin bí sí ag imtheacht leí agus í á rad "lean an glór a dhaid. Cá seólfad sí ach isteach acht isteach i bpoll portaig agus dfhág sí ann é. Cuaidh an ingean abhaile agus dubhairt sí le na mathair go raibh sé marbh. Nuair a airig an mathair é sin tosnuig sí ag béicig agus ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maighread Bean Uí Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cloch Eidhneach, Co. Cork