Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó nó raibh tobac le fághail níos cómhgaraí na Corcaig agus nuair a théigheadh duine des na cómharsain go Corcaig le feircíní ime thugadh sé leis tobach dos na cómharsain mór thímceall. Bhí sean-duine ann an uair sin agus dubhairt sé leis an té a bhí ag dul go Corcaig an tobac do tabhairt leis ac do dein sé dearmhad ar an dtobac agus bhí leithéid sin de bhuille tobac ar an sean duine gur rug sé ar a mhaide siubhail cun dul go Corcaig fé déin an tobac.
Ní raibh sé imtighthe ró fhada ar aon cor nuair a connaic sé an sean-bhean na suidhe ar an gclaidhe roimis ar an gcasán agus í ag ól tobac. Tosnuigheadar ag cainnt ach ní rabhadar imtighthe ró fhada sa chainnt nuair a thug sí an píopa. Do thóg sé gal agus nuair a bhí sé á tabhairt thar nais dubhairt sé "Beannacht Dé le'd t-anam". "Níor olais do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Iarfhlaith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ráth Thoir, Co. Chorcaí