Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhí aon mac amháin aici. Bhí sé chomh láidir le capall ach bhí sé chom díomhain le bacach. Bhí an máthair bocht craite aige agus gach aon blúire bídh a bhíodh sa tigh aici d'íosfadh sé é agus aon lá amháin dubhairt sí lei féin go gcuirfeadh sí deireadh leis agus bhí fhios aice conus é dhéanamh leis. Bhí sprid in gleann san cúpla míle on dtig agus bhí asal san gleann san leis an beirt seo. Lá amháin dubhairt an máthair leis an mac dul agus an t-asal do thabhairt abhaile ón ngleann agus bhí fios aici go marbhóchadh an sprid an an mac nuair a raghadh sé go dtí an gleann.
Chuaidh an mc go dtí an gleann agus slabhra aige chun an asal do cheangal. Nuair a tháinig sé go dtí an gleann léim an sprid amach chuige agus bhí sé chun an buachaill do marbhú ach níor dhein an buachaill ach an slabhra do cathadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Tuama
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ráth Thoir, Co. Chorcaí