Scoil: Réidh na nDoirí, Maghcromtha (uimhir rolla 14993)
- Suíomh:
- Ré na nDoirí, Co. Cork
- Múinteoir: Amhlaoibh Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bí fear ag teacht ó Beanntraighe le h-ualach sprat oidhche amháin. Bí bosca cipín soluis na póca aige agus bhíodar ró fliuch cun lasadh mar bhí an lá ana fliuch. Nuair a tháinig sé go Barra Céim-an-Fiad connaic sé tig breagh uaidh agus cuaidh sé isteach ann. Do cuireadh na mílte fáilte roimis. Do bhí ceoltóir le thais na teine agus é ag seinnt ceóil agus do bhí 9ocailíní agus buachaillí ag rínnce. Nuair a stopadar don rínnce do chuaidh fear mór-thimcheall le pláta ag bailiúghadh airgid agus do thug gach aoinne rud éigin do. Nuair a tháinig sé cómh fada le Seán Ó Laoghaire sé sin an fear a chuaidh isteach, thug sé reul do agus gabhadar buidheachas leis agus dubhradar gur gálanta an fear é. D'fhág sé slán aca annsan agus cuaidh sé amach. Tháinig saghas eagla air, nuair a bhí sé amuigh mar ceap sé ná raibh an tig ann aon uair eile a gaibh sé an bóthar. Annsan cuaidh sé abhaile agus an céad uair eile a chuaidh sé an tslighe ní(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Dómhnall Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire an Aonaigh, Co. Cork