School: Baile Uí Bhuaig (B.) (roll number 14816)

Location:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Teacher:
Martias Ó Luasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 127

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 127

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Bhuaig (B.)
  2. XML Page 127
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí triúir comrádaithe ann fadó. Siunéir dob' eadh ceann acu, gabha dob' eadh an dara duine agus slábhaidhe dob'eadh an tríomhadh fear. Bíodh eadach galánta ortha i gcómhnuidhe agus cheapadh gach aoinne gur daoine uaisle iad. Bhí aon drochghalar amhain ortha - sé sin go n-ólaidis a dtuillidís.
    Do shocharuigheadar ar dhul ag tuilleamh dóibh féin agus do dhein. Dúbhairt gach duine aca go mbeidís ag crosbóthar áirithe i gcionn lae agus bliana. Nuair a bhí an t-am tagaithe do thánadar go dtí an crosbóthar sin agus go deimnin do fhailtígheadar dá chéile. Nuair a bhiodar ag teacht abhaile gan amhras do glaodhadar go tig tabhairne agus do chaitheadar dá raibh aca. Do chuadar abhaile agus nuair a ghluaiseadar ar maidin ní raibh pingin ruadh acu. Dubhradar le chéile airís go raghadh siad ag tuilleamh san áit chéadhna agus airiú do thárla an rud cheadhna dóibh ag teacht abhaile. Nuair bhíodar tamall ó bhaile do chuaidh an Gabha isteach i dtig Ósta éigin agus d'iarr sé ar Fhear an Tíghe lóisdín a thabhairt do féin agus dá dritháireacha agus fuair. Nuair a tháinig an mhaidean dubhairt an slábhaidhe leis an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1731: The Youth and the Pretty Shoes
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Céilleachair
    Gender
    Male