School: Baile an Bhuitléirigh, Tigh Molaga
- Location:
- Butlerstown, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Muimhneacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Cúirt Mhic Seafraidh baile gann.”
Cúirt Mhic Seafraidh baile gannNó h-imthigh gan do bhreacfast annMar tá báid ann brísteAgus a dtóin ar an uisceAgus mná gan tuisgint ann.
Domhnall Ó'Drisceóil
Lacha
60
Feirmeóir beag- Timcheall leath slighe idir Tigh Mologa agus Cúirt Mhic Seafraidh tá sean-fothroch de mhainistir ann. Mainistir Mathún nó Mainistir a Máur an ainm a tugadh air. Na managih de'n Órd Benedictín a chuir an tigh seo ar bun. Bhí ana-saidhbhreas aca mar thug an tighearna talmhan de Bharra ocht mbailtí déag dóibh. B'iad san Lios Leomhóin, Curraichín, Litheonach, Gráinse, Gurrán, Criogán, Atha, Lios Laoidhe agus bailtí eile. Deineadh paróiste fé leith des na bailtí seo. Mainistir Mathun an ainm a tugadh air. Ní raibh cead ag na manaigh an talamh do choimead in a seilbh ach an fhaid a bheadh an tig a thógaint. Sar ar chríochnuigh an mainistir deineadh scrios ar na mainistreacha móra. Thóg na Sasanaigh an talamh dóibh féin.
Seán Ó Brisin (65))
Árd Cobhthaigh
Fear oibre- Informant
- Seán Ó Brisin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Ardcoohig, Co. Cork