Scoil: Cnoc Sceach, Clanna Caoilte (uimhir rolla 11424)
- Suíomh:
- Knockskagh, Co. Cork
- Múinteoir: Liam Ó Ruairc
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“bhíodh sé de chleg ag páistí bior a dearfadh sa teine (geataire nó píosa beag adhmaid)”
Bhíodh sé de chleas ag páisdí bior a deargadh sa teine (geataire nó píosa beag adhmaid).Annsan é shíneadh ó dhuine go duine agus a rádh"Birín beo, birín marbh, má théigheann mo bhirín as idir do dá láim bíodh an trom, trom ort" nó"Birín beo birín marbh má gheibheann mo birín bás idir do dhá láimh bíodh an trom, trom ort."
An té go bhfaigheadh an birín bás idir a dhá láimh chaithfeadh sé teacht ar a ghlúinibh. Annsan do buailfí rud éigin anuas ar adhrom agus d'fiafrófaí dhe,"Cad tá ar do dhrom anois"."Fód móna," deárfhad sé bféidir."Fan annsan a sheanabhróig (ag tabhairt ainme an ruda a bheadh curtha ann aige) "go dtí go dtabharfad liom an fód móna,"Mar sin dóibh go dtí go dtiocfhadh leis an bhfear ar a ghlúinibh an rud ceart d'ainmniú agus annsan do thosnófaí ar an birín arís.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Ruairc
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán ó Déisig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Letter, Co. Cork