Scoil: Cnoc Sceach, Clanna Caoilte (uimhir rolla 11424)
- Suíomh:
- Cnoc Sceach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Ruairc
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“bhí fear na chomhnuidhe ar an ladhar agus deirtí go mbíodh sé amach gach oidhche leis an sluagh sidhe.”
Bhí fear na chómhnuidhe ar an Ladhar agus deirtí go mbíodh sé amuich gach oidhche leis an sluagh sidhe. Mar is gnáth bhí daoine ann a chreid an sceál agus daoine eile nar chreid. Oidhche bhí sgata dhíobh bailighthe idtigh tabhairne agus fear na bpúcaí na measg. Nuair abhí an deoch ag dul i bhfeidhm ortha, tosnuigheadar ag cainnt ar na púcaí. Cheistigheadar an fear eile "an raibhy sé fíor go mbíódh sé amuich leo srl. ach ba dheacair é bhogadh chun cainnte. Chuaidh an sgeál chómh mór san chun cinn gur thug duine éigin de'n dream a bhí i lahair masla dho agus annsan iseadh thosnuig an gleo. Thug fear na bpúcaí aghaidh air má seadh "An cuimhin leat an mhaidin a dúisighis" ar seisean, "agus tú sínte ag bun an staighre, agus ní h-aon dearmhad a rádh gur salach agus gur(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus De Naodhach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Garrán Cór, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Déisigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir, Co. Chorcaí