School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0328, Page 211

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0328, Page 211

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 211
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear I gCúil a' Bhuacaig fadó, agus b'é an ainm a bhí air ná an Stiúirdín. Bhí gadhar ana dheas aige agus b'é an ainm a bhí air ná 'Gúiní'. Do leanfhadh an gadhar a mháighistir i ngach aon áit agus do thárla lá, gur lean an gadhar a mháighistir go dtí an Aifreann. Nuair a chonnaic an sagart é, tháinig fearg air agus dubhairt sé leis na daoine é chur amach ach níor thugadar aon chluas do. Tháinig sé féin anuas agus do rug sé ar an ngadhar agus bhuail sé i gcoinnibh an falla é, agus dhein sé staic mharbh dhe. Annsan do dhein Eoghan Ruadh bheársa mar gheall air : -
    A Gúiní an anama, bhainis do cúrsaí,
    Chuadhas-sa go dtí an Aifreann ar maidin le bárr umhlaidheacht',
    Do cheann le falla is do teangha, go dlúth istig,
    Is bás gan sagart fuair do mhadra, a Stiúirdín,
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Mhurchadha
    Gender
    Female
    Address
    An Doirín Álainn, Co. Cork
    Informant
    Pádruig Ua Tuama
    Gender
    Male
    Address
    An Sliabh Riabhach, Co. Cork