Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)

Suíomh:
Derryconnery, Co. Cork
Múinteoir:
Éamonn de Paor
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 415

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 415

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chonaire
  2. XML Leathanach 415
  3. XML “Bóithre an Cheantair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    theannta.
    BÓTHAR na GAIBHLE: -
    Deineadh an bóthar sin tímcheall céad go leith blían ó shoin. 'Sé an úsáid a deineadh den bóthar sin ná go mbíodh bean ag rith an phuist darb ainm di Cáit Ní Sheaghdha ó Beanntraighe go dtí Béara agus is é an slíghe a gheóbhadh sí ná do shiubhaladh sí go dtí an Gleann Garbh agus as san súas go dtí an Cómarcáin[?] agus as san síar go dtí Beárna na Maidí atá síar ag an Mághgeanagáin agus bóthar na Gaibhle síar go dtí an Leaca Bhán agus núair a bhíodh sí féin agus a mac ag eirighe ar maidin deireadh sí le na mac:-
    "A Dhonnachadh a laogh, cuir leite id hata,
    Tá Béara dealbh agus tá an bóthar fada,
    A Donnachad a laogh, cuir min id hata."
    BÓTHAR CAITHINE:-
    Deineadh an bóthar sin tímcheall seasca blían ó shoin agus is é an págh lae a bhíodh acu ná cúpla pingin agus do gheibhidís leite nó praisce i lár an lae chun dinnéir. Tá an bóthar sin in úsáid fós agus is olc atá sé anois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Neil Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Bocarnagh, Co. Cork