School: A Cnoc Buí, Drom Dhá Liag (roll number 9588)

Location:
Knockeenbwee Lower, Co. Cork
Teacher:
Dd. Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0300, Page 335

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0300, Page 335

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: A Cnoc Buí, Drom Dhá Liag
  2. XML Page 335
  3. XML “Sean-Nósanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a bhfuaireas an t-eólas seo nár chuibhe sin, toisg gur "geatairí" an focal coitcheannta ar "rushes" ins gach aon bhall.
    Fásann adhbhar eile ins na móinfhéaraibh fluicha nó garbha ar a dtugtar "luachar". Féar garbh atá ann, agus baintear é i ndeire Lughnasa agus deintear é shábhailt do's na beithidhigh i gcóir an Gheimhridh. Is dócha gur ón bhféar seo a dtugtar an t-ainm "An Airc luachra" ar ainmhidhe beag a chidhtear go minic sa bhfear seo - saghas Lizard.

    Timcheall an cheanntar seo tá rinnce ag muinntear na tuaithe ar a dtugtar "Cros a Chipín".
    Rinnce beirte is eadh é, ach is minic ceatharar á dhéanamh leis. Cuirtear cros ar an úrlár le sgiotachán nó píosa cailce, agus deineann an bheirt rinnche
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Diarmuid Ó Ceallaigh
    Gender
    Male
    Informant
    Michéal Ó Néill
    Gender
    Male
    Address
    Kealanine, Co. Cork