Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gCathair Chonaraidhe ach ní féidir bun ná bárr a dhéanamh de'n chuma atá air toisg na clocha do bheith réabaithe, fuirsighthe agus iad caithte (?) soir siar ins gach treo baill.Tá sgéal ann pé sgéal é a deireann gur pálás maordha, áluinn a bhí ann uair agus go raibh rí darb ainm do Conaraid (?) 'na chómhnaidhe ann. Tamall beag síos ó'n gCathair tá abha ar a dtugtar an Fionnaglaise. 'Sé is brígh leis an ainm sin "fionn" a thabhairt air ná - bainne draoidheachta a dhoirt bean fealltach a bhí pósta ag Conaraidhe isteach ann uair chun cómhartha a thabhairt do laoich eile teacht agus bás is éirleach d'imirt ar Chonaraidhe, agus ar a theaghlac uile, agus tá mar bheadh feuchaint fionn-bhan ar uisge na h-abhann óshoin i leith go mór mhór le línn tuile.Maidir le Teampall na Peanaide, sórt cuas doimhin iseadh é ar éadan chnuic. Cladrach de charraigreacha móra é agus iad 'n-a seasamh i gcoinnibh a chéile agus trí nó ceathair de leacacha leathanna anuas ortha ag deánamh sórt tighe. Tá oscailt ar cheann des na leacacha seo agus tá mar a bheadh sórt strapa de chlocha garbha ag leanamhaint síos toisc an chuais do bheith fé leíbhéal na talmhan. D'féadfá a dhéanamh amach go raibh aon sórt- leacht nó (?) fothrach ann ach deireann na sea daoine gur príosún a bhí ann ag na Danair chun daoine do chur chun báis fé pheannaid ann.