Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 224
- XML “Luibheanna agus Leigheasanna”
- XML “An Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sean-daoine, a mhalairt d'eolas ag na daoine a tháinigh 'n-a ndiaidh, agus teacht na ndoctúirí, a bhain "an díon as tig na leigheasanna."Tá an-leigheas i n-anáil an ghanndail chun galar súl do leigheas. B'amhlaidh a chuirtí an ganndal fé bhun súl an duine máchailleach, agus théigheadh anál an ghanndail isteach fé shúilibh an duine. Deintear an cleas seo ar feadh trí maidne.
- Abha gan droichead iseadh an bás, nó chun mo theanga d’ath-chliabhánú, abha iseadh é ná féadfadh aoinne dul treasna gan a broga a bhaint de. Sé sin, ní fhéadfadh duine ar bith an taobh eile den mbilleóige do shroisint gan gábhailt tré trioblóidí an bháis. Mar sin “abha chraosaig an chine daonna a shnígheann go fairrge na síoraidheachta” iseadh an bás, nó d’féadfaimís a rádh gur “gaduidhe an anama agus gur sgriosadóir an chuirp é.”
Ar nós gach aon nídh eile ní thagadh an bás i ngan fhios do na daoine fadó. ‘Siad fir fógartha nó cómharthaí an bháis ná:- Má bhíonn an bás ana-ghairid don fhear bíonn míogarnach codalta air. “Deire fir an suan, agus an bhean ag faire suas” Bíonn easba codlata ar an mnaoi sar a ghlaodhann an bás uirthi. Má bhíonn na preáchaín ana-thughtha do bheith tímcheall an tighe, bíonn éileamh ag an mbás ar dhuine nó ainmhidhe a bhaineann leis an dtig sin. Acht má thagann na préacháin anuas ar an dtig, gheobhaidh duine de’n lín-tighe bás Má bíonn an coileach ag glaoidh i lár na h-oidhche, nó mar sin,(leanann ar an chéad leathanach eile)