School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 223

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 223

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 223
  3. XML “Luibheanna agus Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sin le duine, acht gan é a lorg in aon chor, ba cheart do é a chuimilt dhá shuilibh, dá mbeadh call aige leis. Dá ndeinead duine turus tímcheall tobar éígin ar mhaithe le n-a radharc; turus i n-aige a bheadh air muna bhfeicfeadh iasg ag snámh ar uisge an tobair. Tá sé ráidhte ná bheadh aon nídh de bhárr a thurais ag duine a déanfadh turus ag Loc an Cuinnleáin i mBeárra muna bhfeicfeadh sé "triopall" éigin san bhfarraige ar a chasadh abhaile dhó.
    Tá sé de nós ag daoine anois, agus go deimhin ag daoine fadó leis, trí sgríoba d'uisge glan d'ól ar maidin lae Nodhlag roimh breicfeast dóibh. Deirtear gur cosg é roimh aon droch-thinneas i rith na bliadhna.
    Leigheas do thinneas-fiacail iseadh cos frog do chogaint agus annsan a ghábhailt amach go tobar fíor-uisge roimh eirighe gréine ar feadh trí maidne, agus trí bas de'n uisge do bhualadh thiar ar chúl an chinn, a rádh ag an am céadhna "I n-ainm an Athar." Is ró-shuarach ar fad na daoine a dheineann a leithéid seo.
    Dá ndeineadh duine cos an airc luachra do chogaint, bheadh leigheas 'n-a theangain, acht dá mbeadh, bheadh easnamh an bhlaiseachta air, i slighe go mba mhar a chéíle dhó blas an mhisleáin nóblas an tornaip. Do dhein fear i bparóisde an Dromaid a leithéid seo, agus do dhein sé mórán leighis leis. Do dhearguigheadh sé iarann san dteine agus chuireadh sé anuas ar a theangain é, agus níor dhóightí in aon chor é toisg easba an anama a bheith ar a theangain.
    Bhaintí úáid as na leigheasanna so fadó ach duine san gcéad a bhaineann úsáid asta anois. Bás na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Language
    Irish