School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 222

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 222

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 222
  3. XML “Luibheanna agus Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a shéideadh sé a chainncín. Ba shuarach ar fad a tháinig de thoradh as a chuid dochtúireachta. Do glaodhadh air uair amháin chun leighis a dhéanamh d'fhear a ghearr a mhéar nuair bhí sé ag cur salainn ar fheóíl na bó is deireannaighe a bhí aige. Níor dhein an Breathnach aon mhaitheas do agus do chaill sé an méar. Maidir leis seo mar fhear, is amhlaidh a d'éirigh achrann idir é féín agus a mháthair, agus do chuaidh sé chun comhnuidhe i dtigh a bhí déanta (?) séan-phasáiste, agus ní ceart tigh a dhéanamh ar ionad mar sin "de réir acht nqa sean daoine." Ní ró mhaith a d'éirigh leis mar do thuit sgamall an mhí-áidh anuas ar mhullach an chinn air agus do cailleadh a raibh de bha aige.
    B'eadh so na leigheasanna a bhí ceapaighthe do dhaoine "go raibh bluire éigin i-n íle a gcuid lampaí soluis." (a súile) Dá mbeadh cnapaán ar an suil deintí fíoghar na croise do dhéanamh air le fáinne óír, gach maidin ar feadh naoi maidne. Dá ndeineadh duine éigin píosa báúin do ghoid chun an duine mácailleach, bheadh leigheas le fághail aige as. Deineadh sé an bágún do chuimilt d'á shuile, acht dá loirgigheadh sé an feoil ar aoinne, ní thiocfadh aon toradh as. B'é an slighe a thagadh an toradh as ná, dá dtagadh duine éigin an feóil chuige, acht gan aon nídh d'á chúram do chuir ar an nduine sin. Is maith é uisge na cloiche gan lorg, gan iarraidh, chun galar na súl do thráhadh leis. 'Sé sin, uisge a bheadh in áirde ar chloich, nó istig i bpoll ins an gcloich, agus dá mbuaileadh a leithéid
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish