School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cahersiveen, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 173

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 173

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 173
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bliadan amháin cuaid Tomás Ruadh agus cúpla companaig síos go dtú lár na hÉireann ag baint na prataí.

    Bliadan amháin cuaid Tomás Ruadh agus cúpla companaig sios go dtí lár na hEireann ag baint na prataí. Cuadar go dtí tig duine uasail ach ní raibh aoinne ann ach a mhac agus d'fhanadar ann go dtí gur tháinig an duine uasal abhaile. Nuair connaic sé na fir istig roimhis dúbhairt sé, "Cad as sibh" "Ó Uibh Ráthach" arsa Tomas. Nuair a cual sé é sin cuir sé an bhéársa so as:-

    "Uibh Ráthach grándha na nDraghún liath
    Is Glenn Cárthach nár fhás aon arbhar riamh,
    Na hárd cnuic grándha úd geathúin siar
    Trí átaibh d'fág Pádraig gan beannú riamh"

    "Pé duine a tabhair é sin duit ní raibh sé i gceart aige fein" arsa Tomás. "Conas a deintheá féin é" arsa an duine uasal agus do thosnuig sé mar sin.

    Uibh Ráthach na sár fhir chalma fial,
    Is Gleann Cárthach gur fhás an tarbhar fiadh,
    Na hárd chnuic breághtha úd geathúin siar
    Tré áitibh d'fág Pádraig le beannú ag Dia.

    Cáit Ní Spealáin
    Fuaras an píos seo ó m'athair
    Seamús Ó Spealáin
    Ceapabhuidhe
    Port Mhic Aoidhe
    Cill Áirne
    Aois, 73 bliadna
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Spealáin
    Gender
    Female
    Informant
    Seamús Ó Spealáin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    73