School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 277

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 277

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 277
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)
  5. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear ann uair, agus nuair a dhúisigh sé san oidhche chonnaic sé an solus san chistin.

    Bhí fear ann uair, agus nuair a dhúisigh sé san oidhche chonnaic sé an solus san chistin. Bhí iongnadh air cad fé ndear an solus mar, dár leis, ba cheart do'n teine bheith i n-éag i bhfad roimis sin. Tháinigh sé go dorus an tseómra agus chonnaic sé bean leath-chríona agus í n-a suidhe cois na teine. Bhí an teine ar dhearg-lasadh aice agus í go compórdach di feín. D'fhiafruigh sé dhi an fada a bhí sí annsan agus dúbhairt sí leis go raibh sí ann le dhá bhliadhain. D'fhiafruigh sé dhi an fada a bheadh sí ann agus dubhairt sí go mbeadh sí ann ar feadh ocht mbliadhna déag. Dubhairt sé leí ná beadh. Dubhairt sí ná'r dhein sí aon nídh as an tslighe agus nách déanfadh sé aon nídh as an tslighe coidhche.
    Do tháinig an fear annsan agus do dhein sé tig nuadh agus tharraing sé leis gach aon chloch a bhí san tseana-thig. Tráthnóna dá raibh sé ag gábhailt tré an bhodhrach do chonnaic sé an bhean so agus í suidhte san áit 'n-ar cheart do'n teine a bheith san tsean-thigh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Ní ceart athrú a dhéanamh i rith an Charghas….

    Ní ceart athrú a dhéanamh i rith an Charghaois, sé sin, ní cheart do dhuine a thig d'fhágaint agus dul chun cómhnuidhe i dtig eile i rith an tréimhse seo.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.