School: An Clochar, Cathair Saidhbhín (roll number 13542)

Location:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Teacher:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 182

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0476, Page 182

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Page 182
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gCathair Chonaraidhe ach ní féidir bun ná bárr a dhéanamh de'n chuma atá air toisg na clocha do bheith réabaithe, fuirsighthe agus iad caithte (?) soir siar ins gach treo baill.
    Tá sgéal ann pé sgéal é a deireann gur pálás maordha, áluinn a bhí ann uair agus go raibh rí darb ainm do Conaraid (?) 'na chómhnaidhe ann. Tamall beag síos ó'n gCathair tá abha ar a dtugtar an Fionnaglaise. 'Sé is brígh leis an ainm sin "fionn" a thabhairt air ná - bainne draoidheachta a dhoirt bean fealltach a bhí pósta ag Conaraidhe isteach ann uair chun cómhartha a thabhairt do laoich eile teacht agus bás is éirleach d'imirt ar Chonaraidhe, agus ar a theaghlac uile, agus tá mar bheadh feuchaint fionn-bhan ar uisge na h-abhann óshoin i leith go mór mhór le línn tuile.
    Maidir le Teampall na Peanaide, sórt cuas doimhin iseadh é ar éadan chnuic. Cladrach de charraigreacha móra é agus iad 'n-a seasamh i gcoinnibh a chéile agus trí nó ceathair de leacacha leathanna anuas ortha ag deánamh sórt tighe. Tá oscailt ar cheann des na leacacha seo agus tá mar a bheadh sórt strapa de chlocha garbha ag leanamhaint síos toisc an chuais do bheith fé leíbhéal na talmhan. D'féadfá a dhéanamh amach go raibh aon sórt- leacht nó (?) fothrach ann ach deireann na sea daoine gur príosún a bhí ann ag na Danair chun daoine do chur chun báis fé pheannaid ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Language
    Irish