Scoil: Both Íseal (uimhir rolla 16744)

Suíomh:
Boheeshil, Co. Kerry
Múinteoir:
Séamus Ua Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Both Íseal
  2. XML Leathanach 003
  3. XML “Scéalta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche amháin bhí fear ag dul go dtí aonach go Cíll Orglan. Ní raibh aon clog san tig aige. Chuaidh sé amach ar a h-aon a chlog. Núair a tháinig sé isteach ceap sé go raibh sé a chuig a chlog ar maidin. D’imtig agus d’fhág sé an baile ag dul go dtí an t-aonach. Ní raibh aoinne ag dul go dtí an t-aonach leis.
    Siúbhal sé go dtí gur chuaidh sé chun poll gainmhidhe ar an mbóthair. Ní raibh aon eagla ar an fear. Siúbhal bean amach ar an mbóthar. Do labhair sé léi, agus do labhair sí cuige. Do siúbhal an beirt acu le na céile míle an bóthar. Do stad an bean ar thaobh an bhóthair.
    Núair a chonnaic an fear an bean ar an mbóthar, dúbhairt sé léi, “Tar go dtí an t-aonach liom.” Dubhairt sí “bead id dhíaidh.” Siúbhal an fear mile eile agus ní fheaca sé an bean.
    Tháinig eagla air anois. Ceap sé go raibh sé a h-aon nó a dó a clog san oidhche. Chuaidh sé isteach i dtig ar thaobh an bhóthair. D’fhan sé ann gur tháinig an maidin. Núair a tháinig an maidin do shiúbhal sé go dtí an t-aonach. Dubhairt an bean leis fanamhaint sa baile gach oidhche eile. Dubhairt sí go raibh na púcaí ag faire air.
    Pádraig Ua Muiréis,
    Gleannmaicí, Gleann Cárraig, Condaé Cíarraidhe.
    50 bl
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Muiréis
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Glanmakee, Co. Kerry