Scoil: Both Íseal (uimhir rolla 16744)
- Suíomh:
- An Bhoth Íseal, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ua Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Both Íseal
- XML Leathanach 005
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Roinnt blíadhain ó shoin bhí sagart na chómnuidhe i nAlbain. Chuaidh sé i dturus éigin lá fliuch. Núair a bhí sé ag siubhal tamaill tháinig sé go abhainn. Ní raibh aon droichead ann as clocha socra cun dul treasna na habhainn.
Núair a bhí sé ag dul ó cloch go cloch do bhraith sé duine ag chuir a lamh leis. Do caith sé isteach san abhainn é. Nuair d’eirig sé d’fheach sé ina thímcheall ach ní fheaca sé aoinne agus bhí a bhróga lán d’uisge. Núair tháinig sé go dtí an bport ní raibh aon áit ann go suidhfheadh sé cun na bróga a baint dé mar bhí an talamh ró fliuch.
Do siúbhal sé go dtí go dtáinig sé go dtí seana-fothrach tíghe. Shuidh sé síos ar cloch amuich. Bhí sé ag fascadh a stocaí núair a cualadh sé duine istigh ag gearán. Chuaidh sé isteach san bhfothrach agus connaich sé fear ag fághail bháis. Cuir sé an Ola Dhéanach air. Annsan d’fíarr an sagart de cionnus a tháinig sé ann nó cé féin é.
Dubhairt an fear leis gur Eireannach é a tháinig chuig blíadhna déug ar fhichid ó shoin cun Albain. Dubhairt sé go raibh sé ag obair fé an dtalamh ó shoin ag baint gual. Ar fhágaint a baile féin do i nÉirinn do gheall sé dá mháthair gan a chreideamh do cailleamhaint. Do cuir sí crois naomtha ar a muinéal mar cuinneamh uirthi. Do fuair sí bás dá bhlíadhain(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ua Foghladha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- Srón na hOirí Bheag, Co. Chiarraí