Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)

Suíomh:
Cromane, Co. Kerry
Múinteoir:
Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 279

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 279

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (C.)
  2. XML Leathanach 279
  3. XML “An Reilig”
  4. XML “An Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Reilg.
    Tá dhá reilg san bparróiste seo. Tugtar Drom-Abhaile ar an reil atá ar an dtaobh thoir de Cill-Orglan. Tugtar Cillín ar an reilg atá suidhte in-aice na fairrge I gCromán.
    Tá Cuma dronnlóige ar Drom-Abhaile.
    Tá fothrach teampall ann.
    Tá eidhneán ag fás ar na fallaí. Fánaig iseadh an reilg.
    Tá alán crainn úbhal ag fás sa reilg agus tá seana-thuambaí ann.
    Cuirtear na leanbhaí a gheibheann bás gan baiste ‘san gceanntar so ‘san gCillín annso.
    Tá Cuma cruinn air agus tá alán tuir aitinne ag fás ann.
    Tá Cillín I Lónart agus Cillín I nDuca.
    Cuirtear na leanbhaí a gheibheann bás gan baiste ‘san gceanntar so ins na gCillínibh
    Bríghíd Ní Shuileabháin,
    Cromán Uachtar.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
          1. graveyards (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cromane Upper, Co. Kerry
  2. Tá trí reilgí sa pharroiste seo anois seo iad a h-ainmneacha.
    Caith na Leanbh, An Cillín agus Drom-Abhaile.
    Tá Caith na Leanbh I Lonart, tá an Cillín I gCromán Íochtar agus tá Drom-Abhaile ar an dtaobh thoir theas de Cill-Orglan.
    Cuirtear daoine I ngach reilig.
    Tá cuma dronnlóige ar Drom-Abhaile agus tá cuma cearnógach ar Caith na Leanbh agus Cuma cruinn ar an gCillin.
    Tá sean croiseanna agus tuambaí agus cloch na gceann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.