Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- Cromane, Co. Kerry
- Múinteoir: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 265
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is é Cromán an baile go bhfuilim im 'chómnaidhe.
Cill-Orglan ainm na parróiste agus Truich an Aicme ar an mbarúntacht.
Tá imse im' chómhnaidhe i gCromán Uachtar.
Tá triocadh is a cúig de tightibh ann anois, ach fadó ní raibh ach triocadh ann.
Slinn agus tuighe atá ar na tighthibh anois, ach fadó bhí tuighe ar na tighthibh go léir.
Glaodhtar Croman ar an áit mar tá cuma cromán duine air.
Ainmneacha na seandaoine annseo ós cionn 70 bhliain-
Seán Mac Suibhne,
Mícheál Ó Riordán agus
Seán Ó Riordán,
Siobhán bean Uí Mhurthuile agus Mícheal Ó Murcadha.
Níl mórán Gaidhilge acu ach tá sean scéalta acu i mbéurla.
Roinnt bliain ó shóin théidheadh alán daoine ó'n áit seo go h-America, ach anois téideann siad anall go Sasana.
Tá talamh maith tur san áit seo.
Níl ach aon loch amháin annseo agus Loch i nGainimh Bháin an ainm atá air.
Tugtar an t-ainm sin air mar gheall ar an ngainimh bháin atá le fághail ann.Bríghid Ní Shúileabháin
Cromán Uachtar.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cromane Upper, Co. Kerry