School: Oileán Ciarraí (roll number 10956)

Location:
Castleisland, Co. Kerry
Teacher:
Tadhg Ó Céin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0446, Page 419

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0446, Page 419

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Oileán Ciarraí
  2. XML Page 419
  3. XML “Faction Fighting”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do fuaireas an méid seo leanas ó Thomás Breathnach nó “Tomás Reddy” mar a thugadh i gcomhnuidhe air. Chomhnuigh sé i gCill Mhuire trí mhíle nó trí mhíle go leith slí ó Oileán Chiarraí. Sean fhear do b’eadh é tuairim le nócha blían d’aois nuair cailleadh é dhá bhlían ó shoin. Feirmeoir léigheannta do b’eadh Tomás acht níl fhios agam cá bhfuair seo an píosa filíochta seo –ón bhfile féin b’fhéidir-mar bhí aithne mhaith aige air. B’é an fhile sin, ná Uileog Ó Céirín. Bhí sé ‘na comhnuidhe “i gcurrachín,” míle nó míle go leith ó Oileán Chiarraidhe ar an bóthar go dtí Mainistir na Féile. B’é an gairm beatha a bhí aige ná figheadóireacht.
    Do chum sé an blúire filíochta seo fadó, nuair a bhíodh “Bruidhean an Aonaigh” (Faction Fighting) ar siubhal sa Tír. Nuair a bhíodh lá an Aonaigh ann, bhailiugheaidh na daoine go léir ar an aonach, agus go mór mór, muintear Bhrosnacháin agus muinntear Conchubhair, mar bhí an troid eatorra ar feadh abhfad féuchaint cé aca ab fhearr ortha chun troda. Gach lá nuair a bhíodh aonach in Oileán Chiarraí do bhídís ag troid ann, agus nuair ná raibh an troid ag dul chun deiridh, do sgríobh an píosa filíochta seo a’ tabhairt cómhairle a leasa dhóibh agus a’ rádh leo go mbeadh sé níos fearra dhóibh éirighe as.
    1
    Is brónach, dubh-chathasach, danaidh an sgéul é,
    Le seoladh de laethaibh in aigne bróin,
    Cómhairsain is caraid in-Earaid le chéile,
    Is ná feadar an tsaoghal cad é ádhbhairín bo?
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Breathnach
    Gender
    Male
    Age
    c. 90
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Kilmurry, Co. Kerry