School: Oileán Ciarraí (roll number 10956)
- Location:
- Castleisland, Co. Kerry
- Teacher: Tadhg Ó Céin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Ciarraí
- XML Page 421
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Seo píosa eile a sgríobh an file céadna san allód. Theigheadh sé go dtí an t-aifreann in Oileán Chiarraide agus bhíodh ar na daoine ag an tam san pingín...”
Seo píosa eile a sgríobh an file céudna san allód. Theigheadh sé go dtí an t-aifreann in Oileán Chiarraidhe agus bhíodh ar daoine ag an t-am san phingín nú leath thuistín a thabhairt ag an doras sar a leigfí isteach dóibh, chun aifreann d’éisteacht. Mar sin, bhíodh na daoine saidhbre istigh mar bhíodh an t-airgead aca, agus bhíodh na sclábhuidhthe-na daoine bochta-amuigh ar an mbóthar ag éisteacht an aífrinn; nuair ná raibh ar a gcumas díol as dul isteach. Lá amháin nuair a bhí an file ag dul 'on aifreann, chonnac sé an sluagh mór de dhaoinibh bochta amuigh ar an mbóthar ar a nglúinibh. Nuair a tháinig sé go dtí an geata stad sé agus a bhí a’ theacht fé’n a dhéin acht an sagairt paróiste-an tAthair Muiris Mac Gearailt-mar bhí an t-aifreann ‘ghá léigheann ag an sagart eile. Nuair tháinig an sagairt chuige do stop sé é agus dubhairt sé leis. 1.
A Athair Muiris, do thuigis agus do léigheas a lán
Agus do chuaidh thar tonnaibh fé thuisgint a chéile gnáth
A bhfuair riamh duine gan sgilling , gan raol ‘na láimh,
Cead suidhe, ná luighe i gcúig chluthair Dé na bGrást.
11.
Má’s airgead do ghnídheas beannuighthe na daoine ar fad,
Dadaidh (Dadamh?) é ní leagaim-sé ná puinn im’ theach,
Tá “Lazarus” chomh-tochtreamhrach ag an Rí atá ar Neamh,
Le “Alexander the Great” do shealbhadh an Ríoghacht ar fad.
111.
Is díombách liom bochtán ar suidhe bóthair,
Agus fuachtáin ar a gcruaidh sáil i ndíth bróga(continues on next page)