Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 868

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 868

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 868
  3. XML “Na Prátaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhítear ag cur na prátaí annso deintear an t-aóileach a leathadh ar fúid na páirce ar dtúis. Deintear an talamh do threabhadh na iomaraí. Bíonn ceithre fóíd ins gac iomaire. Géartear na prátaí síól annsan. Ba cheart súil a bheith ins gach sciolán. Annsan téígheann beirt nó triúr agus máílín sáithte ar gach duine aca. Is san máílín sáithte a coiméadhtar na sgiolláin nuair a bítear á gcur. Bíónn trí sgiolláin ar leitheadh gach iomaire. Le ráinn a cuirtear na prátaí síol. Sáithtear an rann sios ar an iomaire agus deintear poll in a caithtear an sgiolán. Dúntar na póíll annsan. Taréis coigcíse cuirtear feamnach ar na iomaraí nó aoileach bréagach agus cuirtear cré anuas ortha. Nuair a bhíonn na gais fásta suas deintear iad do spréaíl le chloc-gorm agus sóíd nídheacháin. Fadó nuair a tháinig na prátaí go h-Éirinn ní raibh fhios ag na daoine in-aon cor idtaobh iad do spréaíl agus thagadh an dubh ar na prátaí. Coiméádann an feamnac dhubh an caoch ruadh uatha.

    Maitias Ua Dúbhda
    Baile na Leacan
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maitias Ua Dúbhda
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na Leacan, Co. Kerry