Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 405

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 405

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 405
  3. XML “Páirceanna agus a nAinmneacha”
  4. XML “Páirceanna ar an Min Aird Thoir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    5) GORT a' SCÓIR
    Na daoine bochta san mbaile ná raibh aon talamh acu do chuiridís prátaí ar scór ann.

    6) LÚIB an CHAPAILL BHUIDHE
    De bhrígh gur marbhuigheadh capall buidhe ann, adeirtear ??

    7) GORT na bhFOTHARACH
    Mórán tighthe tighthe ann fadó - na fotaracha le feiscint fós.

    8) AN GORT DOIMHIN
    Tá clais 'na bharra, clais 'na bun agus cnapóg 'na lár.

    9) LIOS na CEALLAMHNAIGE
    Níl fhios ag muinntir na h-áite ach is dócha gurb amhlaidh a bhí "ceallamhnach" ann, roilig 'na gcuirtear leanbhaí a cailltear gan baiste.

    10) MÓINFHÉIRÍN na SPEILE
    Páirc bheag go bhféadfadh fear an féar ann do bhaint in aon lá amháin.

    11) GORT a' STAIGHRE
    Clocha in iomairibh ag eirige os cionn a chéile ann ar nós staighre.

    12) LÚB a' MHADRA
    Chonnacathas sprid i bhfuirm madra ann tráth. An cuma so ar an bpáirc. (Illustration)

    13) GORT a' CHOIRÉIL
    Coireal chloch ann.

    14) GORT na DRUINNE
    Ardán 'na lár

    15) LEAC an NÍGHEACHÁIN
    Tá abha bheag ar rith tré Bánóg. I lár an bhaile bhí leac ins an abhainn fadó agus is ann a dheineadh mná an bhaile an nigheachán.

    16) STRÁICE an BHÓTHAIR
    17) LÚIBÍN na CIRCE
    18) GARRDHA na LEACAN
    19) GORT a' PHÚICÍN
    20) GARRDHA BHRÍGHDE
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.