Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 221

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 221

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 221
  3. XML “Scéal - Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal---Sidheóga.
    Bhí bean 'na cómhnuidhe i nGleann na Mináirde céad bliain ó shoin agus Clára a h-ainm. Bhí amhras ag muinntir an bhaile uirthe go mbíodh sí in éinfeacht leis na daoine maithe isd oidhche, mar do bhíodh sí traochta amach gach maidion agus a cuid éadaig smeártha slach, ach ní admhóchadh sí féin go raibh aon bhaint aici leis na Pucaí. Oidhche amháin do bhraitheadar imthighthe í, agus bheartuigheadar go bhfanfaidís ag faire uirthe gach oidhche eile.
    An tarna oidhche d'fanadar ag faire uire ach má seadh níor tháinig sprid ná púca an oidhche sin mar bhí fhios acu go raibh daoine ag faire ortha. An triomhadh oidhche d'fhanadar ag faire ach do thuit a gcodladh ortha agus bhí sí imthighthe nuair a dhúisigheadar. Ghlaoidh fear a' tighe ortha agus dubhairt i gcogar leo go raibh sé in am acu dul a chodladh mar ná imtheochadh sí in aon chor anocht. Cheap sé sin go raibh sí 'na sámh chodhladh ach nuair d'innseadar do go raibh sí imthighthe cheana b'shin é an uair a tuigeadh do gurb' í sin a chualaidh sé ag cainnt roimis sin. 'Sé an rud a dubhairt sí ná ná féadfadh sí dul in aon chor anocht mar go raibh sí traochta amach gan codladh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Nic Ghearailt
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Bhánóg Bheag, Co. Kerry