School: Cloonacool (roll number 4802)
- Location:
- Cloonacool, Co. Sligo
- Teacher: Seán Ó Blioscáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloonacool
- XML Page 103
- XML “Na Daoine Maithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a thosuigheas ag múineadh sgoile annseo bhí sean-fhear darbh ainm Alec Mac Suibhne ‘na chomhnuidhe i mbaile-na-móna. Fear cóir cneasta dob’ eadh é agus fear léigheannta freisin. Hinnsigheadh dom agus mé ag a thorramh go mbíodh sé ag múineadh sgoile “cois claidhe” nuair a bhí sé óg. Ní minic a casadh ar a chéile sinn mar bhí sé aosta agus is annamh a d’fhágadh sé a theach. Is cuimhneach liom amhthac é bheith oidghche áithridhe, i dteach an ghréasuidhe agus é ag éisteacht go suimeamhail leis an gcomhradh. Ní dhearna sé aon chur isteach ar an gcainnt gur thosuigh duine de’n comhluadar ag magadh faoi’na pisreógaibh a bhíodh ag na sean-daoine go mór-mhór ar an gcreideamh a thugaidis do shidheóghaibh agus a leithéid. Annsin seadh do chuir an Suibhneach a ladar isteach. “Innseóchaidh mé sgéal beag daoibh” ar seisean “atá chomh fíor is tá mise ‘mo shuidhe cois teallaigh annseo anocht agus ní hé sin amháin ach tá fiadhnaise agam chun a chruthú mar ní mise an t-aon duine a chonnaic an rud ar a gcuirfidh mé síos. Níl aon duine agaibh nach bfhuil aithne aige ar an lios atá cois Muaidhe ar mo chuid talmhan, agus ní fadh dhom a innseacht daoibh go bhfuil a lán crainnte breagh ag fás ann. Bliadhain amháin ‘druidim anois le caoga bliadhain ó shoin bhí an-droch-foghmhar againn. Bhí sé ag fearthainn beognach gach lá agus is tearc duine a raibh móin thirm aige an bhliadhain sin. Bhíomar-ne(continues on next page)