Scoil: Cloonacool (uimhir rolla 4802)

Suíomh:
Cluain na Cúile, Co. Shligigh
Múinteoir:
Seán Ó Blioscáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0171, Leathanach 103

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0171, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cloonacool
  2. XML Leathanach 103
  3. XML “Na Daoine Maithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a thosuigheas ag múineadh sgoile annseo bhí sean-fhear darbh ainm Alec Mac Suibhne ‘na chomhnuidhe i mbaile-na-móna. Fear cóir cneasta dob’ eadh é agus fear léigheannta freisin. Hinnsigheadh dom agus mé ag a thorramh go mbíodh sé ag múineadh sgoile “cois claidhe” nuair a bhí sé óg. Ní minic a casadh ar a chéile sinn mar bhí sé aosta agus is annamh a d’fhágadh sé a theach. Is cuimhneach liom amhthac é bheith oidghche áithridhe, i dteach an ghréasuidhe agus é ag éisteacht go suimeamhail leis an gcomhradh. Ní dhearna sé aon chur isteach ar an gcainnt gur thosuigh duine de’n comhluadar ag magadh faoi’na pisreógaibh a bhíodh ag na sean-daoine go mór-mhór ar an gcreideamh a thugaidis do shidheóghaibh agus a leithéid. Annsin seadh do chuir an Suibhneach a ladar isteach. “Innseóchaidh mé sgéal beag daoibh” ar seisean “atá chomh fíor is tá mise ‘mo shuidhe cois teallaigh annseo anocht agus ní hé sin amháin ach tá fiadhnaise agam chun a chruthú mar ní mise an t-aon duine a chonnaic an rud ar a gcuirfidh mé síos. Níl aon duine agaibh nach bfhuil aithne aige ar an lios atá cois Muaidhe ar mo chuid talmhan, agus ní fadh dhom a innseacht daoibh go bhfuil a lán crainnte breagh ag fás ann. Bliadhain amháin ‘druidim anois le caoga bliadhain ó shoin bhí an-droch-foghmhar againn. Bhí sé ag fearthainn beognach gach lá agus is tearc duine a raibh móin thirm aige an bhliadhain sin. Bhíomar-ne
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge