Scoil: Cloonacool (uimhir rolla 4802)

Suíomh:
Cluain na Cúile, Co. Shligigh
Múinteoir:
Seán Ó Blioscáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0171, Leathanach 107

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0171, Leathanach 107

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cloonacool
  2. XML Leathanach 107
  3. XML “Taibhsí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní chreideann muinntir na glúine seo sna sidheóghaibh - nú pé sceál é ní thugaid mórán áirde orra sa bparaíste seo. Ach tá a mhalairt de scéal le h-innseacht i dtaobh na dtaibhsí. Cuid mhaith de na daonibh ní shéanann siad a gcreideamh ionnta siúd agus tá cuid diob-so a shéanann ba dhoiligh tabhairt orra dul i n-áitheaca áirithe go mall san oidhce. Na sgéalta taibhseamhla a bhín go minic i mbéalaibh na sean-daoine is cionntach leis sin is docha. Sgéalta áifeasa go leór seadh furmhór na sgéalta sin. Chonnacthas bean i n-am mairbh na hoidhche agus í ag siubhal an bothair go mear agus níor chuir si fuiseadh ar aoinne dá gcastaí uirri. Bh shin cruthú nár neach daonndha é. Amannta bionn na sgéalta níos cruinne. Chonnacthas daoine a bhí marbh le fada an lá chonnachtas iad sna h-aiteacheaibh a dtaithigheadh siad le n-a mbeó. Bionn faitchíos ar dhaoinibh dul sna h-áiteachaibh seó tréis tuitim na h-oidhche. Rud eile ní maith leó an bhaint a bheith aca le crainnte nú sgeáchaib a bhíod ag fás ins na h-áiteacha só a bhfuil droch-chail orra. Tá áit dén tsórt so ins an mbaile is giorra don scoil seo. Bhí crann ag fás ann ar a dtugadh “sgeach an tSóláis agus ar ór nó ar airgead ní bhacfadh sean-iondúirí leis an gcrann sin. Thárla nuair a bhí tighthe dá dtógáil i gcóir lear oibridhe sa bparaíste gur cinneadh ar dhá cheann do chur san áit sin. Rinneadh margadh le fear togháil tighthe leis an ndhá cheann sho a chur suas. Ach nuair a fuair sé amach go mbéadh air “sgeach an tSólais” do leagadh chuir sé shuas don chonnradh. Thanghthas ar sheift annsin. Rinneadh athrú ar phlean na dtighthe i dtreó is go raibh an sgeach ar an dtaobh thall den claidhe a bhí mar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge