School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 452
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leigheasfaidhe é.3) Dá mbeadh duine ann nach bhfeiceadh a athair ariamh bheadh sé i ndon duine a mbeadh críos-ghalar air a leigheas.4) Dá mbeadh duine dóíghte ba cheart dhó alp luachra a chuimilt de agus leigheasfaidhe é.5) Ba cheart do dhuine gach rud a ól te nuair a bhíonn bruitíneach air. Tá luibh ag fás ar an sliabh agus sé an t-ainm atá air "Cruibíní Sionnaigh." Tá leigheas ann le h-aghaidh pian a bheadh i ndruim duine. Ba ceart é do bhruith agus an sugh d'ól agus deirtear go bhfuil sé go h-an mhaith. 6) Deirtear go leigheasfadh sugh turnaip agus siúcre casacht.7) Nuair atá an fliú ar duine deirtear gur leigheasfaidhe é dá mbruithfeadh sé min-coirce agus im agus leann dubh le céíle.8) Dá mbeadh i do dhruim agus a dhul amach faoi dhris trí h-uaire leigheasfadh sé thú.9) Dá mbeadh do fhiacla ar dhuine agus frog a d'fháisgeadh idir na fhiaclaí ní thiocfadh do fhiacla ort arís.10) Sé an leigheas atá ar fhiabhras anbhruith caorach d'ól.11) Dá dtiocfadh sleamhnan ar shúil dhuine agus dealg crainn spionáin a chuir leí leigheasfadh sé í.12) Dá mbeadh bonnbhualadh ar chos duine agus billeog Pháraig a chuir leis leigheasfadh sé é.13) Tá leigheas ag go leor galar ag duine a bhíonn dall.14) Dá mbeadh neascoíd ar dhuine agus duine de na(continues on next page)
- Informant
- Úna Ní Dhroighneáin
- Gender
- Female
- Age
- 85
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway