School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 471
- XML “Ainmhithe Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Siad na h-ainmhidhthe fiadháine atá san áit seo, an sionnach, an broc, an girrfiadh, an coinín, an easóg, an madadh crainn agus an madadh uisge, an ghráineóg, an mactíre, an firéad, an cat fiadháin, na luchain. Fadó bhíodh go leor ainmhidhthe allta thart annseo, ach níl mórán ann anois san taobh seo de'n tír agus níl mórán díoghbhála ionnta.An Sionnach - ainmhidhe an chosamhail leis an madadh 'seadh é. Tá sé an-ghlic agus tá go leor cleasanna aige. Codluigheann sé i bpoll no i bpluais deas a dheanann sé féin síos sa talamh nó faoi charraig. Codluigheann sé freisin i bpoll istigh imeasg clocha uairreannta. Bíonn dó nó trí de bhealaigh aige chun dul isteach sa bpoll, ionnus dá dtagadh gadhair ná aon rud isteach sa bpoll amháín d'fhéádfadh sé rith amach an poll eile. Sé an fheoil an cineál bídh a itheann sé. Marbhuigheann sé cearca, lachain, agus géabha gach uair a mbíonn seans aige. Is san oidhche a sibhalann sé amach ar thóir bídh dó féin. Is minic a déanann sé díóghbháil do na daoine. Má bhíonn na sgiobóil lacan nó cearca gan a bheith dúnta ceart aon oidhche is cinnte gur b shin í an oidhche a thiocfadh an sionnach thart. Uaireannta ní thugann sé leis ach cearc nó dó agus uaireannta eile marbhuigheann sé go leor cearca. Marbhuigheann sé uain óga fresin agus itheann sé iad. Uaireannta nuair a mharbhuigheann sé uain óga fágann sé(continues on next page)
- Informant
- Brighid Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway