School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 557
- XML “Seanphaidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- A Mhuire Mháthair Íosa, go raibh tú ag mo cheann. Eoin Baiste i n-a asbol go raibh tú ag mo mhuin. A Teachtaire Dílis na h-Ola Naomhtha go raibh tú againn i n-am le Brannda Íosa ar chur ar m'anam dílis a cheannuigh Críóst ar an gcrann.
* * * * * * *
Paidir Chialla a rinne Críosta geinimh Íosa ar shlighe a bhacall, i mball a gaisil, idir sinn agus aon neach a dhéanfas dochar dúinn. O a Mhic an gcluin tú an gleo atá chugainn go mór sa ngleann? O a mháthair ná glac eagla, sabáilfidh an t-Athair sinn, Fios a bhí, Mac an Athar Neamhdha. Go mba dún daingean an dún a bhfuil muid ann, go mba sluagh dall an sluagh atá chugainn. O a Íosa Críost fuair an eochar agus sgaoilfidh tú do chocall tharainn.
* * * * * * *
A Mhaighdean Mhuire agus a Mháthair Dé fuair buadh agus treis i dtosach ar mhná an t-saoghal. Taobh do leinbh a d'fhualaing gach pian dá mhéád go dtógfaidh tú suas as na pianta (nó triobloid) seo mé.(continues on next page)- Informant
- Úna Ní Droighneáin
- Gender
- Female
- Age
- 85
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway