School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 536

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 536

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 536
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní bhíodh ag na daoine ach teach an-bheag ar fad fadó. Ní bhíodh ionnta ach seómra beag amháín agus cistineach. Fraog agus scraitheacha a bhíodh mar ceann ortha, agus ní bhíodh na scraaitheacha feín ar chuid acu. Bhíodh leabaidh ins an gcistinigh ag gach duine. An "Cailleach" a tugtaoi air. Bhíodh sé i n-aice leis an teine.
    Is san gcúinne a bhíodh an teine ag na daoine ins na sean-tighe. Bhíodh simleár deánta de mhoirteál i gcuid acu agus ní bhíodh simileár ar bith i gcuid eile díobh ach poll san scraith.
    Ní bhíodh ach doras amháin ins na sean-tighthe. I gcuid acu is é an saghas dúnadh a bhíodh ag na daoine ar cuid de na doirse ná iad pacáilte le fraoigh. Ní bhíodh an fraogh féin acu ann san Samhradh.
    Ní bhíodh fuinneóa ar bith i gcuid de tighthe na sean-aimsire agus dá mbíodh fuinneog ann bhíodh sé an-bheag ar fad. Ní bhíodh gloine ar bith ann ach cúpla clár adhmaid. Bhíodh fraogh sáidhte ionnta chun an ghaoth agus an báísteach a choinneál amach.
    Urláir dóibh a bhíodh ins na sean-tighthe. Tá sé beagnach cosamhail le moirteál. Bhíodh leath-doras i ngach teach fadó, agus tá ceann i gcuid
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Droighneáin
    Gender
    Male
    Age
    45
    Address
    An Cheathrú Gharbh, Co. Galway