School: Baile Nua (roll number 15331)
- Location:
- An Baile Nua, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ua hUigín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua
- XML Page 094
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)C ar lean. nuair atá a leath itte?
F. Is fiú é a iompódh ar an taobh eile.
C. Cluasa géara, súile ag lonrú, iorball fada Céard é sin?
F. Cat.
C. Cé'n áit ar buaileadh an chéad táirnge?
F. Ar an gcloigeann.
C. Cad é an rud is fearr le cur i gcáca milis?
F. Do chuid fiacla.
C. Cé'n meádhchaint atá ins an ngealach?
F. Cheithre ceathramhna.
C Dá chéad uainín ag dul suas Sean an Mhóinín, agus an chaora mhór amach 'un tosaigh?
F. An ghealach agus na realtóga.
C. Bhí beirt fhear ag deanamh poitín aon uair amháin. Ocht ngalún a bhí acú ar fad. Bhí trí shoitheach acú: Soitheach ocht ngalún, soitheach cúig ngalúin agus soitheach trí galúin. Theastuigh cheithre galún ó gach duine acú agus ce'n chaoi ar roinneadh an poitín eatorra?
F. Bhí soitheach na n-ocht ngalúin líonta Annsin soitheach na dtrí ngalúin a lionadh as soitheach na n-ocht ngalúin(continues on next page)- Collector
- Tadhg Ó Fáthartaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Seanbhaile, Co. Galway
- Informant
- Tadhg Ua Cearra
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- An Seanbhaile, Co. Galway