Scoil: An Clochar, Port Omna
- Suíomh:
- Portumna, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. M. Lorcáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Port Omna
- XML Leathanach 0345
- XML “Ráite atá le Cloisteál i measc na Seandaoine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Rinne sé droichead dhó.
Cuir i gcás go raibh bainis i dteach agus gur tugadh cuireadh do na comúrsanna ar fad acht aon duine amháin, d'féadfa a rádh annsin go ndearnadh droichead de'n duine sin. Sin gur fágadh gan cuireadh é.2. An fáid a bhéas Peadar i gcathaoir
Sin go deo. Naomh Peadar atá i gceist is dóigh, agus a chomharba sa Róimh.3. Dhéanfadh sé suas na réalta
Sin duine a dhéanfadh rud ar bith, dar leis féin. Dhéanfadh sé cat is dá dhrioball dhuit a dhuine!4. Ná déan plaicín gabhair dhe.
Dá mbéadh féasta ar an mbord acht gan mórán a bheith ann agus go n-íosfadh duine amháin é, déarfá sin leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)